leis agus gach aon siotgháire aisti. Mar sin féin ba bhreá leis an ghruaig bhuí sin a shlíocadh – bheadh sí ina síoda; agus craiceann bán a scornaí – bheadh sé bog, níos boige ná aon rud a gcuirfeadh sé lámh air sa mhainistir go deo. Go deo. Agus ba bhreá leis … ach fastaím! Ní raibh aon chiall leis seo. Bhí glactha le móid aige agus sheasfadh sé leis. B’olc an rud taibhreamh.
D’fhéach sé timpeall ar fhallaí a chillín, iad lom, bán, discréideach; an leaba lena bráillíní stáirseáilte, an chathaoir, an bord ar a raibh leabhar an aifrinn, agus dealbh Naomh Antaine.