Guthanna
“Sea, sea …”
“Sea is ní hea”
“An mar sin é?”
Fiche duine ag dian-allagar
(an seomra múchta le deatach)
iad ag caitheamh sceana géara
as súile meara.
Éalaím liom im dhúire dara
isteach sa chúinne is sia uathu
dem intinn (díreach os cionn mo chluaise
clé).“Ta miabhán orm,”
arsa broc
agus chúlaigh leis ón teas.
Cuireann gráinneog
“isliomsachas”
in iúl le cleas
na liathróide. “Tá bualadh bos
ag dul dó as
a chlisteacht is a mhór-
thuiscint.” (Sos)
(“Go mbeirimid beo
“ar)
chuala tú …”
“Cuirfidh sé an I.R.A.
as oifig,”“rud nár mhiste”.
“Sea, sea …”
“Sea is ní hea”
“An mar sin é?”
Na beola taise ag pógadh is ag blaiseadh
bréantas mo cholainne,
m’allas goirt; is laistigh
ciúineas piléir fholaigh,
croí ag cneasú thar cnuimh.